Cuir eolas ar an Eoraip i gcroílár Bhaile Átha Cliath!
Osclaíodh doirse Eispéireas Europa i mBaile Átha Cliath an 15 Deireadh Fómhair 2024. Tá sé lonnaithe ag 11 Sráid Chatham i mBaile Átha Cliath 2, agus tá Gailearaí Europa ann freisin
An 15 Deireadh Fómhair 2024, osclaíodh doirse Eispéireas Europa i mBaile Átha Cliath don phobal. Tá sé lonnaithe ar dhá urlár in Áras nua na hEorpa ag 11 Sráid Chatham i mBaile Átha Cliath 2. Tá Baile Átha Cliath ar chomhchéim anois leis an Róimh, Páras, Beirlín, Cóbanhávan agus cathracha eile ina bhfuil Eispéireas Europa le fáil. Is spás idirghníomhach é atá deartha chun deis a thabhairt do chuairteoirí tuilleadh eolais a fháil, ar shlí tharraingteach, faoin Aontas, faoina institiúidí, faoin tslí a n-oibríonn siad, agus faoi na daoine a dhéanann ionadaíocht orainn san Eoraip, trí úsáid a bhaint as uirlisí ilmheán ceannródaíocha. Cloiseann cuairteoirí scéalta freisin ó shaoránaigh ar fud na hEorpa, ina dtugann siad cur síos ar an tslí ar mhúnlaigh agus ar athraigh ballraíocht san Aontas a saol. Tá pictiúrlann 360° sa bhuantaispeántas, agus tá súil againn go mbeidh an-tóir ag grúpaí scoile uirthi.
Lenár gCluiche Rólimeartha, is féidir le rannpháirtithe ról Feisire a ghlacadh agus dul i ngleic leis na castachtaí a bhaineann le cinnteoireacht an Aontais. Sa chluiche, tarlaíonn ionsamhlú fíorúil ina ndírítear ar dhréachtdlí ó chéim an choiste go dtí céim na vótála deiridh. Cuirtear an cluiche tumthach spraíúil seo ar fáil do ghrúpaí ina bhfuil idir 12 agus 30 duine. I rith an chluiche, gheobhaidh siad amach faoin idirbheartaíocht pholaitiúil, díospóireacht agus comhréiteach - scileanna riachtanacha d’aon duine ar mian leo a bheith ina bhFeisire! Tá an cluiche an-oiriúnach do ghrúpaí scoile agus grúpaí atá ag lorg deis neartaithe foirne nó smaointe do lá amach. Tá sé ar fáil i 24 theanga, agus is féidir seisiúin a chur in áirithe go díreach ar ardán áirithinte Eispéireas Europa anseo thíos. Tuilleadh eolais faoi inrochtaineacht dhigiteach; ár sraith uirlisí oideachasúla agus ár bhfíseán teagaisc idirghníomhach.
Réamh-áirithint
Is gá réamh-áirithint do ghrúpaí ina bhfuil níos mó ná deichniúr, trí shuíomh gréasáin Eispéireas Europa.
Gailearaí Europa
Tá Gailearaí Europa lonnaithe in Eispéireas Europa freisin, áit a ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht chruthaitheach agus chultúrtha an Aontais Eorpaigh. Chun eolas a fháil faoin taispeántas reatha, cliceáil ar an roinn Imeachtaí in Eispéireas Europa ar ár suíomh gréasáin.
Eispéireas Europa
11 Sráid Chatham
Baile Átha Cliath D02 VP46
Teil. +353 (0)1 6057911
Uaireanta Oscailte
- Luan go hAoine 09:30-17:00
- Satharn go Domhnach 12:00-18:00
SAOR CHEAD ISTEACH
Eispéireas Europa
- Cuir eolas ar an Eoraip i gcroílár Bhaile Átha Cliath!