Nuacht
Cláraigh dár Nuachtlitir
Seol ríomhphost chugainn ag epdublin@europarl.europa.eu chun clárú dár nuachtlitir.
Trí chlárú, aontaíonn tú lenár mbeartas príobháideachais.
Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ó mhí Iúil go mí na Nollag, is ag Éirinn atá an Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus í mar aidhm léi clár oibre reachtach an Aontais a chur chun cinn.
Staid an Aontais Eorpaigh 2026
Athbhreithneoidh na Feisirí na dúshláin reatha agus pleananna chun tabhairt fúthu le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an 16 Meán Fómhair 2026.
Imeachtaí
Events for Europa Experience
Príomhthosaíochtaí
Caidreamh le daoine óga
Fáilte go leathanach Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn don Chaidreamh le Daoine Óga. Tugtar go leor eolais anseo faoinár gcláir agus ár gcomórtais do dhaoine óga.
Eolas d’iriseoirí
Eolas atá cothrom le dáta agus ábhartha, mar shampla, Preasráitis, Nuachtlitreacha agus eolas teagmhála.
Eispéireas Europa
Cuireann Eispéireas Europa ar do chumas eolas a chur ar an tslí a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus ar an tionchar a bhíonn ag na cinntí a dhéanann an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle ortsa. Éist le scéalta faoin tslí ar mhúnlaigh beartais an Aontais saol daoine ó gach cearn den Eoraip.
Feisirí Eorpacha na hÉireann
Tá 720 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ann faoi láthair, a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine sna 27 mBallstát ar fud an Aontais. Déanann 14 Fheisire ionadaíocht ar dhaoine sna trí thoghcheantair in Éirinn, Baile Átha Cliath, an Lár Tíre-an tIarthuaisceart, agus an Deisceart. Tá Éire ar cheann de na Ballstáit a bhfuil ardú ar an líon Feisirí atá acu ó bhí na toghcháin ann in 2024. Tá tuilleadh eolais faoi na Feisirí ag an nasc thíos.
Faoin Oifig
Maidir leis an oifig
Cuireann Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa eolas ar fáil faoi ról agus cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, faoi Fheisirí Eorpacha na hÉireann agus a ngníomhaíochtaí agus faoi na ceisteanna atá idir chamáin sa Pharlaimint faoi láthair agus a bhfuil tábhacht ag baint leo d’Éirinn agus don Eoraip i gcoitinne.
Pléann ár rannóg preasa le ceisteanna ó iriseoirí agus cuireann sí eolas ar fáil d’iriseoirí ar mian leo freastal ar sheisiúin iomlánacha.
I measc na seirbhísí a chuirimid ar fáil, tá:
- eolas faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoi ról agus obair Fheisirí Eorpacha na hÉireann
- cúnamh nuair a bhíonn rochtain ar thuarascálacha, rúin nó doiciméid eile de chuid na Parlaiminte á hiarraidh
- eolas faoi na toghcháin Eorpacha in Éirinn
- cúnamh le cainteoirí a chur ar fáil d’imeachtaí/cuir i láthair
- eolas faoi ghníomhaíochtaí a eagraíonn an Pharlaimint le scoileanna
- eolas faoi conas iarratas a dhéanamh ar sheal oiliúna nó faoi nósanna imeachta earcaíochta in institiúidí an Aontais
- comhairle faoi chearta shaoránaigh an Aontais
- eolas faoi chuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg nó sa Bhruiséil
- comhairle faoi achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa nó faoi ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach
- bileoga eolais agus foilseacháin eile faoi Pharlaimint na hEorpa
Is é seo an seoladh atá againn:
Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn
5 Sráid an Bhailfigh
Baile Átha Cliath D02 E7K4
Teil.+ 353 (0)1 605 7900
Rphost: epdublin@ep.europa.eu
Ár bhFoireann