Géarchéim tithíochta: Taistealaíonn Feisirí go BÁC chun cúiseanna agus freagraí a fhiosrú
Beidh toscaireacht ón gCoiste Tithíochta i mBÁC chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht & infhaighteacht tithíochta agus ar thionchar na mbeart chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.
Faoi stiúir chathaoirleach Choiste Speisialta na Parlaiminte um an nGéarchéim Tithíochta san Aontas, Irene Tinagli (S&D, IT), tabharfaidh toscaireacht 10 bhFeisire faoi mhisean aimsithe fíoras trí lá go Baile Átha Cliath, Éire, chun scrúdú a dhéanamh ar dhúshláin a bhaineann le rochtain ar thithíocht agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairtí beartais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta. Déanfaidh siad imscrúdú freisin ar shrianta na hearnála tógála agus ar bhacainní rialála, agus ar an gcaoi a bhfuil an bhearna inacmhainneachta ag cur cosc ar oibrithe oilte agus riachtanacha maireachtáil i lárionaid uirbeacha.
Dé Máirt an 26 Bealtaine, tabharfaidh Feisirí cuairt ar aonaid chóiríochta nuathógtha do dhaoine gan dídean le Focus Ireland agus ar thionscadail tithíochta atá á mbainistiú ag Iveagh Trust, soláthraí tithíochta inacmhainne a bhunaigh teaghlach Guinness.
Dé Céadaoin, tabharfaidh an toscaireacht cuairt ar Cherrywood, tionscadal forbartha uirbí ar mhórscála atá deartha timpeall ar inbhuanaitheacht agus iompar poiblí. Buailfidh na Feisirí ansin le hAire Tithíochta na hÉireann, James Browne TD, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath (le deimhniú) agus beidh plé acu le páirtithe leasmhara sóisialta agus eacnamaíocha. Cloisfidh siad freisin faoi thionscadal Chathair Ghlas Bhaile Átha Luain, tionscnamh atá dírithe ar an gcéad chathair lánghlas in Éirinn a chruthú faoi 2040.
Tiocfaidh deireadh leis an gcuairt Déardaoin an 28 Bealtaine le cur i láthair ar Painéal tithíochta Eurofound, a sholáthraíonn sonraí maidir le caighdeáin agus beartais tithíochta ar fud na hEorpa, agus cruinniú ina dhiaidh sin le cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht.
Preasagallamh
Déardaoin an 28 Bealtaine ar 11.30 (am áitiúil), tionólfaidh cathaoirleach an Choiste Tithíochta Irene Tinagli preasagallamh maidir le toradh an mhisin in Oifig Pharlaimint na hEorpa (5 Sráid Balf, Baile Átha Cliath, D02 E7K4, Éire).
I gcás iarrataí ó na meáin nó clárú don phreasagallamh, déan teagmháil le preasoifigeach na Parlaiminte in Éirinn, Ellen O’Rourke (ellen.orourke@europarl.europa.eu; +353867795408).
Comhaltaí na toscaireachta
Irene Tinagli (S&D, an Iodáil) - cathaoirleach
Nikolina Brnjac (EPP, an Chróit)
Marco Falcone (EPP, an Iodáil)
Marko Vešligaj (S&D, an Chróit)
Georgiana Teodorescu (ECR, an Rómáin)
Nina Carberry (EPP, Éire)
Aodhán Ó Ríordáin (S&D, Éire)
Ciaran Mullooly (Renew, Éire)
Luke Ming Flanagan (Grúpa na Clé, Éire)
Cúlra
De réir figúirí Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann, i mí Feabhra 2026 tháinig méadú 5.6% ar phraghsanna réadmhaoine i mBaile Átha Cliath agus tháinig méadú 7.8% ar phraghsanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i gcomparáid le mí Feabhra 2025. Bhí an fás is airde ar phraghsanna tithe i mBaile Átha Cliath istigh i gCathair Bhaile Átha Cliath ag 6.8% agus tháinig ardú 2.7% ar Fhine Gall. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, tháinig ardú 7.4% ar phraghsanna tithe agus tháinig ardú 13.2% ar phraghsanna árasán. Ba é praghas airmheánach teaghaise a ceannaíodh sa 12 mhí go dtí Feabhra 2026 ná €390,000.
