Díospóireacht phoiblí: 'Cogadh agus Síocháin’ - cá háit a sheasann an tAontas Eorpach?
Tá Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn, i gcomhpháirt le Tuairisc, ag cur díospóireachta ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Pléifear ag an díospóireacht phoiblí seo seasamh an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an choimhlint sa Mheánoirthear. Cad é a insíonn sé dúinn faoi chumhacht, claonadh agus treo an Aontais Eorpaigh? Beidh Cathal Mac Coille sa chathaoir agus beidh an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ar an bpainéal leis, chomh maith leis an gcraoltóir agus tráchtaire Máirín Nic Gadhra agus an anailisí míleata Máirtín Ó Duibhir. Beidh cead cainte ag an lucht féachána chomh maith. Tá fáilte roimh chách.
Am agus dáta: 2pm Dé Sathairn an 2 Samhain
Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle, Cill Áirne